Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Bunadh a theaghlaigh agus cár as iad. Tháinig na Dochartaigh as Inis Eoghain go Tír Chonaill. Téann sé ar ais ceithre glún go dtí Eoghan Ó Dochartaigh. Seanchas beag fosta faoi dhream siúil na Dochartaigh (clann Seimí) agus an ceol galánta a bhualadh siad. | 00:03:17 | |
As Ceann Loch Finne a mháthair. D’imigh trí uncail leis go Meiriceá agus rinne siad go maith daofa féin cé nach raibh léann ar bith acu. Níor phill siad go raibh siad sean. | 00:03:06 | |
Phós Jimmy bean as Caisleán na Deirge i dTír Eoghain gan mhoill i ndiaidh bás a athar. Bhí dhá phósadh acu in lá amháin, a dheirfiúr agus é féin. D’imigh a mháthair go Meiriceá agus d’imigh Jimmy go Tír Eoghain. Thit a mháthair tinn thall in Meiriceá agus phill sí na bhaile ar ais ach nuair a fuair sí bás, bhog Jimmy go Tír Eoghain. | 00:03:50 | |